Главное меню
Мы солидарны с Украиной. Узнайте здесь, как можно поддержать Украину.

Gaelainn Cho. Chorcaí

Автор Rōmānus, июня 8, 2009, 12:10

0 Пользователи и 1 гость просматривают эту тему.

Rōmānus

Цитата: djwebb1969 от июня  9, 2009, 19:10
ach nár ghlac sé le "dom máthair". Níl a fhios agam cad 'na thaobh.

mar go n-abraid siad "dom' bmáthair" i gceart, ní "dom' máthair"
Надежда - мать дураков (с) Литовская пословица

djwebb1969

next time I come to the Gaeltacht: an chéad uair arís nuair a thiocfad arís go dtí an Ghaeltacht

I hope we will meet again in the future: tá súil agam go mbeidh seans agam bualadh leatsa arís san ama atá rómhainn

djwebb1969

Цитата: Roman от июня  9, 2009, 19:12
Цитата: djwebb1969 от июня  9, 2009, 19:10
ach nár ghlac sé le "dom máthair". Níl a fhios agam cad 'na thaobh.

mar go n-abraid siad "dom' bmáthair" i gceart, ní "dom máthair"

nílim cinnte go bhfuil mórán daoine go bhfuil dishéimhiú acu a thuilleadh. OK. B'fhéidir go mbeidh seans agam ceist a chur ar "dom bmáthair" amáireach...

Rōmānus

Надежда - мать дураков (с) Литовская пословица

djwebb1969

OK. Cuirfead teachtaireact amáireach.

Ach tá cuid mhór desna Gaeilgeoirí nár maith leo na ceisteanna so. Tá roinnt daoine anso adúradar liom go bhfuil an tsuíomh //musgrai.com, go bhfuil mórán foirmeacha tradisiúnta ann, " a load of rubbish". Ní maith leo nuair a theastaíonn ó fhoghlameoir éigin a bheith níos Gaelaí ná na Gaeilgeoirí féin (an dtuigeann tú?)

Rōmānus

Цитата: djwebb1969 от июня  9, 2009, 19:31
go bhfuil mórán foirmeacha tradisiúnta ann, " a load of rubbish".

mar go...? An fearr leó na foirmeacha caighdeánaithe?
Надежда - мать дураков (с) Литовская пословица

djwebb1969


Rōmānus

Надежда - мать дураков (с) Литовская пословица

djwebb1969

A Rómain, glactar le "im poca" anso, ach ní ghlactar le "dom bmáthair" nó le "dom péin", ach níl a fhios agam cad 'na thaobh. Mar go bhfuil p san fhocal poca ar dtúis, ach do bhí f ag féin??? Ní raibh "dom péin" ag Peadar Ua Laoghaire ach chomh beag, nó, ní faightear na foirmeacha so ina leabhar ar a laghad.

Ach bhí an abairt seo i Séadna: "Bhí trí scillinge im póca agam". (caibidiol naoi is fiche)


Rōmānus

An bhfuileann tú i gCúil Aodha i gcomhnaí? Cad a dhéanfair tar éis teacht abhaile? Ar cheannaís an teach i Londain nó ar an dtuaith?
Надежда - мать дураков (с) Литовская пословица

Rōmānus

Pé scéal é, an bhfuil Fraincis agat, ná fuil? Tá cóipeanna leabhar Sjoestedt-Jonval déanta agam, is féidir leat iad a íoslódáil más áil leat é
Надежда - мать дураков (с) Литовская пословица

djwebb1969

Do chaitheas roinnt ama ar an oileán Chleire, agus ansan do thánag go díreach go Cúil Aodha (agus do bhíos i mBaile Bhúirne agus i mBaile Mhíc Íre chomh maith), ach ní rabhas in áiteanna eile. Táim anso go díreach mar fhoghlaimeoir agus ní mar thurasóir. Cad a dhéanfad tar éis dom dul har n-ais abhaile? Táim ag obair ó'n bhaile mar aistritheoir ó Shínis go Béarla, agus tá go leor ama saoir agam chun bheith ag foghlaim teangthacha eile. Do cheannaíos tigh beag i gContae Lincolnshire mar go raibh sé saor - do cheannaíos tigh mo dheirféar, mar do theastaigh uaithi é a cheannach, agus do theastaigh uaim áit go mbeadh cónaí orm ann tar éis dom teacht har n-ais go Sasana, ach tá sé ar m'intinn é a díol nó é a thabhairt ar cíos agus a bhogadh go Corcaigh. Níl a fhios agam, arbh chóir dom beith i gCúil Aodha nó i gceathair Chorcaí, mar gur áit beag Cúil Aodha, agus níl a fhios agam an mbeinn uaigneach ansan dá mbogainn ansan nó ná beinn? (excuse the poor Irish)

djwebb1969

Tá Fraincis agam! Nó ar a laghad is féidir dom í a léamh, cé ná rabhas ag caint i bhFraincis ar feadh fiche blian anuas. Cén áit arbh féidir leat na leabhair seo a chur ar an Idirlíon?

djwebb1969

D'airíos an abairt seo sa Ghaeltacht:

Go dté do bhó i dtréad
Go dté do mhagairlí i méid
agus go dté d'fhliuchán i dtiubhas i gcónaí

Rōmānus

Цитата: djwebb1969 от июня 10, 2009, 20:05
Táim anso go díreach mar fhoghlaimeoir agus ní mar thurasóir.
An mór a bheireann tú ar do lóistín fé láthair? D'íocas mé féin 35€ sa ló anuiridh, ach bhí sé sách daor, dar liom.

Цитата: djwebb1969 от июня 10, 2009, 20:05
Táim ag obair ó'n bhaile mar aistritheoir ó Shínis go Béarla

Deireadh leis an obair tuairisceóra?

Цитата: djwebb1969 от июня 10, 2009, 20:05
chun bheith ag foghlaim teangthacha eile.

Cén teangthacha eile ba mhaith leat beith ag foghlaim fós?

Цитата: djwebb1969 от июня 10, 2009, 20:05
agus a bhogadh go Corcaigh.

Cén fáth? An maith leat an chathair seo go mór? Is fearr liom Cill Airne i bhfad, tá níos mó imeachtaí ann, ins an tsamhradh ar an laighead. Agus is ailne an áit sin, níl aon chomparáid eatarthu i n-aon chor! Agus tá sí suite díreach idir dhá Ghaeltacht - Co. Ciarraí agus Co. Chorcaí, má thuigeann tú mé.

Цитата: djwebb1969 от июня 10, 2009, 20:05
Níl a fhios agam, arbh chóir dom beith i gCúil Aodha nó i gceathair Chorcaí,

Bhuel, is ana-bheag Cúil Aodha, is fíor é sin. Agus níl pioc á dhéanamh ann, i ndáríribh.

Цитата: djwebb1969 от июня 10, 2009, 20:07
Cén áit arbh féidir leat na leabhair so a chuir ar an Idirlíon?

Fan neomat!
Надежда - мать дураков (с) Литовская пословица

djwebb1969

ЦитироватьAn mór a bheireann tú ar do lóistín fé láthair? D'íocas mé féin 35€ sa ló anuiridh, ach bhí sé sách daor, dar liom.

Tá €30 air i gcómhair leaba's bricfeast, agus €50 air i gcómhair "full board" (níl a fhios agam cad a deirtear as Gaelainn).  An amhlaidh a thugais €35 i gcómhair full board? Níl aon bhialann anso i gCúil Aodha, mar sin níl mórán roghanna agat...

ЦитироватьDeireadh leis an obair tuairisceóra?

An obair saoririseora? Tá an dá rud le plé agam

ЦитироватьCén teangthacha eile ba mhaith leat beith ag foghlaim fós?

An Fionlannis, mar gurbh ó Fhionlann cuid dem shínsear

ЦитироватьCén fáth? An maith leat an chathair seo go mór? Is fearr liom Cill Airne i bhfad, tá níos mó imeachtaí ann, ins an tsamhradh ar an laighead. Agus is ailne an áit sin, níl aon chomparáid eatarthu i n-aon chor! Agus tá sí suite díreach idir dhá Ghaeltacht - Co. Ciarraí agus Co. Chorcaí, má thuigeann tú mé.

B'fhéidir go mbéidh mé go Cill Áirne. Go raibh maith agat as do chomairle

Rōmānus

Цитата: djwebb1969 от июня 10, 2009, 20:45
An amhlaidh a thugais €35 i gcómhair full board?

Ní hea, do thugas €35 ar "leabaidh is bricfeast", ach ní raibh  aon rogha eile agam ag an am san. Tá a lan de chuairteóiríbh (agus de scoláiribh) i mBaile an Fheirtéaraigh ins an tsamhradh.

Цитата: djwebb1969 от июня 10, 2009, 20:45
An Fionlannis, mar gurbh ó Fhionlann cuid dem shínsear

Tuigim duit

Цитата: djwebb1969 от июня 10, 2009, 20:45
B'fhéidir go mbéidh mé go Cill Áirne.

Ní fheadar, b'fhéidir ná taithneóghaidh an áit leatsa, cá bhfios dom?
Надежда - мать дураков (с) Литовская пословица

djwebb1969

A Rómain, táim i gcathair Chorcaí anois, agus ana-mhí-shásta leis an áit seo. Ní feidir leat aon leabhair Gaelainne a cheannach anso, cé go bhfuil sé réasúnta cóngarach don Ghaeltacht. Tá dealramh "cathair Shasanach" ar an gcathair seo.

Rōmānus

Цитата: djwebb1969 от июня 12, 2009, 02:14
Ní feidir leat aon leabhair Gaelainne a cheannach anso

Tá siopa leabhar Gaelach i lár na cathrach, ar shráid Phlunkett - buin triáill as!
Надежда - мать дураков (с) Литовская пословица

djwebb1969

Níl siopa leabhar Gaelach anois i gCorcaigh. Do chuas isteach san tsiopa Liam Russell ar an sráid Phlúincéid, ach ní raibh ach roinnt leabhar i nGaelainn, agus ní raibh leabhar amháin san tseanachló.

djwebb1969

A Rómain, an ndeireann tú "an oiread san cnoc" nó "an oiread san cnoic"? An bhfuil tuiseal ginideach nó tuiseal ainmneach ann? Thugas fé ndeara go raibh "cnoc" ag cuid desna daoine, agus "cnoic" ag cuid eile desna daoine i nGaeltacht Chorcaí. [Do bhíos a rá: "ní raibh a fhios agam go mbeadh an oiread san cnoc ar an Oileán Chléire.]

Rōmānus

Cnoc = tuiseal ginideach, ach iolra, ní ainmneach uatha é: an oiread san cnoc = that amount of hills
Надежда - мать дураков (с) Литовская пословица

djwebb1969

Táim tar éis teacht thar n-ais abhaile! Ach tá an aimsir go breá i ndiu i Zsasana, níl sé ro-the, ach níl sé ro-fhuar ach comh beag!

Rōmānus

Цитата: djwebb1969 от июня 13, 2009, 21:07
ach comh beag!

Тá blas Chorcaí agat anois, ceart go leór ;D

Цитироватьi Zsasana

i zSasana, ar an laighead
Надежда - мать дураков (с) Литовская пословица

djwebb1969

Last message: I suppose you know Tús maith 3 is out? Despite the flaws in the book, as a set it probably goes further than most tuition packs as it is in 3 volumes. You can order from Litriocht.

Быстрый ответ

Обратите внимание: данное сообщение не будет отображаться, пока модератор не одобрит его.

Имя:
Имейл:
Проверка:
Оставьте это поле пустым:
Наберите символы, которые изображены на картинке
Прослушать / Запросить другое изображение

Наберите символы, которые изображены на картинке:

√36:
ALT+S — отправить
ALT+P — предварительный просмотр