Главное меню
Мы солидарны с Украиной. Узнайте здесь, как можно поддержать Украину.

Ответ

Обратите внимание: данное сообщение не будет отображаться, пока модератор не одобрит его.
Ограничения: максимум вложений в сообщении — 3 (3 осталось), максимальный размер всех файлов — 300 КБ, максимальный размер одного файла — 100 КБ
Снимите пометку с вложений, которые необходимо удалить
Перетащите файлы сюда или используйте кнопку для добавления файлов
Вложения и другие параметры
Проверка:
Оставьте это поле пустым:
Наберите символы, которые изображены на картинке
Прослушать / Запросить другое изображение

Наберите символы, которые изображены на картинке:

√36:
ALT+S — отправить
ALT+P — предварительный просмотр

Сообщения в этой теме

Автор djwebb1969
 - октября 9, 2009, 20:20
SAOĠAL I NÉIRINN.

leis an
Aṫair Pádraig Ua Duinnín 1903

1. Tuairisc na nEaċtrannaċ ar an saoġal i nÉirinn.

Ná creid iad. Ná creid uaṫa go ḃfuil an saoġal go dona againn annso i nÉirinn, agus gur feárr glanaḋ amaċ as an ndúṫaiġ ná fanaṁaint 'sa ḃaile. Ní'l séan ná sonas ar an dtír, adeirid linn. Ní'l sult na scléip ag na daoiniḃ. Ní'l sliġe ḃeaṫaḋ aca, aċt dealḃas is aindeise is cruaḋtan. Ní'l le feicsint ar fuaid na tíre ar fad aċt duairceas is duḃrón is gáḃatar is an-ḃroid. Ní duḃraḋ a leiṫéid de ḃréig riaṁ, agus is iongantaċ liom go ḃfuil an tÉireannaċ beo a ċreidfeaḋ é. Adeir siad linn, leis, gur feárr Sasana 'na Éire; gur feárr America, gur fearr Astralia, gur feárr Africa, gur mó an sult is an scléip a ḃíonn tar lear, gur mó an tuilleaṁ a ḃíonn ann, gur ḟusa do ḋuine sliġe ḃeaṫaḋ d'ḟáġail ann, gur ḟusa dul ċum cinn ann, gur mó ḃeaḋ agat de ḃárr do ċuid saoṫair, gur feárr a ċoṫoċṫá is do ṫaḃarfá suas do ċlann ann, gur mó meas a ḃeaḋ ort féin is ar do ṁuinntir, gur feárr ḟuiġfeá do ṡláinte, gur ḟusa ḋuit t'anam a ḋéanaṁ, gur ḋeise an ċasóg no an gúna ḃeaḋ ort.

Ní ċreidfinn ó'n saoġal go ḃfuil ruainne de'n ḟírinne aca. Ní ċreidfinn ó'n saoġal go ḃfuil tír 'san doṁan uile ċoṁ breáġ, ċoṁ aoiḃinn, ċoṁ séanṁar, ċom sonasaċ, ċoṁ nádúrṫa, ċoṁ toraṁail le tír na hÉireann. Ní ċreidfinn ó'n saoġal go ḃfuil daoine ar fód an doṁain ċoṁ cneasta, ċoṁ sultṁar, ċoṁ múinte, ċoṁ béasaċ, ċoṁ raṫṁar, ċoṁ deaġ-aigeantaċ le n-ar muintir féin. Aċt ní hiongnaḋ liom go mbíonn cuid aca go neaṁ-ṡásta leo féin is le n-a dtír, mar tá sé mar ḃeas ag na Sasannaċaiḃ ḃeiṫ go síorruiḋe ag tromaiḋeaċt orainn féin agus ar gaċ níḋ ḃaineann linn, ar ar dtír, ar ar ndaoiniḃ, ar ar mbéasaiḃ, agus is dóiġ le cuid againn go ḃfuil corp na fírinne ag na Sasannaċaiḃ, agus anois is arís tagann fo-ḋuine anall ó Ṡasana—Éireannaċ, aċt duine do ṁair ar feaḋ i ḃfad i measc na Sasannaċ—agus ní ṫaiṫneann aon níḋ ḋéanamaoid, ní ṫaiṫneann aon ċor a ċuirimíd ḋínn leis. Dar leis ní'l béasa fóġanta againn, ní'l taḃairt suas ar ndóṫain orainn, is díoṁaoin na plíomaiḋe sinn. Ní'l raṫ ná bail ar an dtír, ní léigfeaḋ an ḟeartáin féin di gan ḃeiṫ ag gaḃáil stealla uirṫi ó Luan go Saṫarn.
Ní ṁairfeaḋ an duine uasal so 'n-ar measc. Ní ḟeadair sé cionnus a ṁairimíd-ne i n-aon-ċor. Ní'l focal 'n-a ṗluic aċt cáineaḋ ar ar dtír is ar ar ndaoiniḃ, agus siúd ċum siuḃail tar n-ais go Sasana é, agus deaḃaḋ air. Tigeann fear ó America, Éireannaċ, leis, agus bíonn an scéal céadna le n-innsint aige. Fá ḋeireaḋ géilleann a lán againn féin do ḋeoraiḋṫiḃ de'n tsaġas sain, agus dá ḃríġ sin ní ḟanann aon ṁeas againn ar ar dtír féin ná ar ar ndaoiniḃ féin, ná ar aon níḋ ḃaineann le n-ar dtír ná le n-ar ndaoiniḃ, agus ní ḃímíd sásta le fanaṁaint 'sa ḃaile, agus siúd ċuṁ siuḃail sinn go Sasana nó go hAmerica, nó go tír éigin eile i gcéin.
Is sinn-ne na hamadáin is géilleaḋ dá leiṫéid sin de ráiméis. Is miṫid dúinn anois ceart-ḃreaṫnuġaḋ a ṫaḃairt ar ar tír is ar ar ndaoiniḃ féin agus gan ḃeiṫ ag aiṫris smaointe na Sasannaċ ná smaointe na nGall-Éireannaċ. Is é donas an scéil é, go ḃfuil na daoine go ḃfuil taḃairt suas is foġluim orṫa ag fágaint na tíre ċoṁ maiṫ leis na daoiniḃ boċta, agus gur gearr ḟanfaiḋ aoinne againn a ḋéanfaḋ breaṫnuġaḋ ceart ar ar ngnó is ar ar ndaoiniḃ. Tá na daoine ṫagann ċuġainn tar n-ais ó America ċoṁ holc leis na daoiniḃ ṫagann ó Ṡasana. Tír ṁór ḟairsing is eaḋ America, agus tá gaċ aon saġas draḃġaile daoine ann. Tá an t-olc is maiṫ ann, agus is deacair d'Éireanneaċ maireaċtaint ann gan bualaḋ um a lán daoine ṫaḃarfaḋ maslaḋ dá ḋúṫaiġ féin, agus is ró-ṁinic a ḟuaireann a ġráḋ dá ṫalaṁ dúṫċais i gcroiḋe an Éireannaiġ ann.
Aċt bíoḋ aca go léir. Is feárr a ṫuigimíd-ne féin 'sa ḃaile tréiṫe ar ndaoineagus an saġas saoġail a ḃíonn againn i nÉirinn ná mar ṫuigid na heaċtrannaiġ. Agus is mian linn-ne laḃairt anois ar an saoġal is féidir a ḃeiṫ againn i nÉirinn má's maiṫ linn é. I ḃfad ó ḃaile ḃíd na hiongnaiḋe, is dá ngéillfimís do ġlór na n-eaċtrannaċ, ní fios cia 'ca i Sasana nó i nAmerica, nó i Aifrica atá na hiongnaiḋe is mó, nó an ḃreáġṫaċt 's an t-aoiḃneas is mó, agus is dearḃṫa ná fuil breáġṫaċt ná aoiḃneas 'sa ḃaile againn. Ní'l annso is dóċa aċt daoine boċta fiaḋaine, gan taḃairt suas gan fogluim, gan múineaḋ, gan béasa. Ní'l i n-ar dtír aċt talaṁ garḃ, fiaḋain, ceoṁar, lán do ṗortaċaiḃ is do riascaiḃ, agus an ḟearṫain dá ḃáḋaḋ go síorruiḋe, agus gan néall gréine le feicsint ann ó ceann ceann na seaċtṁaine.
Автор djwebb1969
 - октября 9, 2009, 17:06
Tá naoi gcaibidil na soisgéal naomhtha a dh'aistrigh Peadar Ua Laoghaire le fáil anois ag http://wikisource.org/wiki/Na_Cheithre_Soisgéil. Mar go bhfuil 89 gcaibidil ins na soisgéalaibh, tá an aithsgríobhadh deich ar chéad críochnaithe agam.
Автор Rōmānus
 - октября 8, 2009, 21:49
Цитата: djwebb1969 от октября  8, 2009, 21:37
"I needed the spelling feárr".

Ní raibh sé so-léir gan chomharthaí athfhriotail
Автор djwebb1969
 - октября 8, 2009, 21:41
мне нужно было писать feárr, а не féarr. 
Автор djwebb1969
 - октября 8, 2009, 21:37
Цитата: Roman от октября  8, 2009, 20:44
Цитата: djwebb1969 от октября  8, 2009, 20:36
Do theastaigh leitriú feárr uaim

An bhfuil "litriú níos fearr" i gceist agat?


Ní hea. "I needed the spelling feárr". Ach tá a fhios agam go maith ná ceapann tú gurbh chóir síneadh fada do bheith ós cionn na leitreach A insan fhocal so.
Автор Rōmānus
 - октября 8, 2009, 20:44
Цитата: djwebb1969 от октября  8, 2009, 20:36
Do theastaigh leitriú feárr uaim

An bhfuil "litriú níos fearr" i gceist agat?
Автор djwebb1969
 - октября 8, 2009, 20:36
Do theastaigh leitriú feárr uaim, mar go raibh an focal san leitrithe anallód ann.
Автор Rōmānus
 - октября 8, 2009, 20:14
Цитата: djwebb1969 от октября  8, 2009, 19:54
Conas is fearr é a litriú

Níl an litriú maith ann
Автор djwebb1969
 - октября 8, 2009, 20:09
A Rómain, do dheineas amach cad 'na thaobh go bhfuil idir atá agus athá in AÓL. Nuair go bhfuil consan go díreach roimis an atá, deir sé atá (eg: mar atá sé), ach nuair go bhfuil guta go díreach roimis an atá, deir sé athá (is é athá....).
Автор djwebb1969
 - октября 8, 2009, 19:54
Conas is féarr é a litriú, má tá r leathan ann? Cuior?