Cad 'na thaobh gur maith leat an oiread san scannán Matrix? Tá scannán Equilibrium níos fearr go mór.
Цитата: djwebb1969 от июня 18, 2009, 22:47
Tá scannán Equilibrium níos fearr go mór.
Ní fheaca é sin riamh. Grma as do ucht molaithe!
Tá sé beagáinín cosúil leis an Matrix, ach níos fearr. B'fhéidir go mbeadh sé ar fáil ar Ríomh-Asal (edonkey!) Tá Christian Beal (Beal, Bale??? deinim dearúd air) ann.
Цитата: djwebb1969 от июня 18, 2009, 23:07
Tá sé beagáinín cosúil leis an Matrix
An ceann úd é, nách ea?
http://www.imdb.com/title/tt0238380/
'sea agus tá sé go hiontach.
An bhfeacaís é seo (Páistí na nDaoine):
http://www.imdb.com/title/tt0206634/
Do taithin sé go mór liomsa
Tá sé go maith - do chonac é nuair a bhíos sa tSín. Tá na scannáin go léir go bhfuil Clive Owen ann réasúnta maith ar aon nós.
Ach tá teachtaireacht pholaitiúil ann ar an ndroch-uair, saghas seafóid maidir le cosaint an chomhshaoil.
Цитата: djwebb1969 от июня 18, 2009, 23:19
Tá sé go maith - do chonac é nuair a bhíos sa tSín.
Do bhíos ag gol nuair a taiseánadh an leanbh agus a mháthair ag teacht amach os comhair na saighdiúirí :-[ Do chreideas um an dtaca go bhféadfadh an mhíorúilt bheith ann!
tánn tú ana-ghoilliúnach. B'fhéidir gur fear nua thú? (a new man - a sensitive modern man)
Цитата: djwebb1969 от июня 18, 2009, 23:48
tánn tú ana-ghoilliúnach.
Nílim ar chor ar bith! Ach is féidir liom bheith ina dhuine impreasanaíoch má tá an scannán go maith