Лингвофорум

Практический раздел: для изучающих языки, помощь студентам => Общаемся на разных языках => Тема начата: Lei Ming Xia (reloaded) от февраля 5, 2008, 02:55

Название: An bhfuil Gaeilge agaibh? :)
Отправлено: Lei Ming Xia (reloaded) от февраля 5, 2008, 02:55
Dia duit!
Is mise Lei Ming Xia, Lei atá orm ;D Is as an Rúis ó dhúchas mé ach táim i mo chónaí sa Ghearmáin anois. Is maith liom snámh agus léitheoireacht agus is aoibhinn liom a bheith ag foghlaim teangacha iasachta fairis. Tá Rúisis, Gearmáinis agus beagán Gaeilge agam :)


An dtuigeann sibh Gaeilge?

Cén chaoi a bhfuil sibh inniu? Cén t-ainm atá oraibh? Cé as sibh féin o dhúchas? Cá bhfuil sibh in bhur gcónaí? Cad é an caitheamh aimsire atá agaibh? An maith libh spórt? Cén cineál is fearr libh? Cé mhéad teanga atá agaibh? Cad iad?

Slán a bheas sibh! Slán codlata!  :)
Название: Re: An bhfuil Gaeilge agaibh? :)
Отправлено: Rōmānus от февраля 6, 2008, 23:42
Dia dhuit, a dhuine maith!

Níl aon Ghaeilge agam, ach tá an píosa beag Gaelainne agam ina áit. :D Tá do chuid Gaelainne ar fheabhas ar fad. Cá rabhais ag foghlaim na teangan? An fada a dh'fhoghlamais í? Tá ana-ghramadach agat, ambaist'!

Róman atá orm, táim im chomhnaí sa Liotuáin. Is breá liom bheith ag foghlaim teangthacha iasachta chomh maith. Is féidir liom Polainnis, Gearmáinis, Fraincis, Béarla, Laitvis a labhairt. Foghlamaim Laidin agus Gaelainn anois. Tá grúpa foghlamtha Gaelainne na Mumhan againn ar yahoo: http://groups.yahoo.com/group/muskerry, tá fáilte romhat ar fad!

Do bhíos an samhradh so caite i nÉirinn, agus táim chun dul go hÉirinn arís an samhradh so chughainn.

Slán go fóill, scríobh arís.

Le gach dea-ghuí,
Róman
Название: An bhfuil Gaeilge agaibh? :)
Отправлено: Lei Ming Xia (reloaded) от февраля 10, 2008, 18:41
Tá mé ag foghlaim na Gaeilge in ollscoil le roinnt míonna anuas :-[
Название: An bhfuil Gaeilge agaibh? :)
Отправлено: Rōmānus от февраля 13, 2008, 00:33
Cad tá á fhoghlaim agat mar sin? Cad a bheir? :o